top of page
Four Courts by the river Liffey in the city of Dublin in Ireland..jpg
AI gradientblue.png

Saorobair aistriúcháin leanúnach do dhlíodóirí atá líofa sa Ghaeilge

Comhoibrigh le Access International ar bhonn fadtéarmach mar shaoraistritheoir dlí ag aistriú go Gaeilge fad is a dhíríonn tú ar d’obair mar dhlíodóir rathúil.

  • Déan suas go €6,200 a thuilleamh in aghaidh na míosa

  • Cianobair aistriúcháin lena n-áirítear cáipéisí suimiúla le haghaidh gairmithe dlí

  • Bain taitneamh as cultúr na hÉireann trína bheith ag obair i do theanga dhúchais ar bhonn seachtainiúil

  • Soláthair aistriúcháin d’ardchaighdeán ar cháipéisí dlí go Gaeilge

  • Tá céim dhlí nó cáilíocht ghairmiúil mar abhcóide nó aturnae ag teastáil, ach níl gá le taithí aistriúcháin roimh ré

​

arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png

Ár gcur chuige gan stró mar ghníomhaireacht aistriúcháin

Cobhsaíocht airgeadais

Ag Access International, is mór againn trédhearcacht agus ár dtionscadail aistriúcháin á seachfhoinsiú. Toisc go bhféadfadh d’infhaighteacht athrú ó mhí go mí, socraímid d’acmhainn do gach mí roimh ré agus tugaimid an chuid is mó dár gcáipéisí le haistriú 4-6 seachtaine roimh ré.

​

Téarma íocaíochta iontach: 45 lá

Táirgimid téarma íocaíochta 45 lá, i gcomparáid leis an tréimhse 60 lá atá coitianta i measc fhormhór institiúidí rialtais an AE.

​

Sceideal seachadta pearsantaithe

Aistrigh ar do luas féin, mar aontaímid sceideal seachadta pearsantaithe leat gach mí. Tuigimid gur féidir athruithe sceidil gan choinne a tharlú i saol oibre abhcóide nó aturnae. Mar sin, i gcásanna eisceachtúla, táimid in ann méid áirithe solúbthachta a thairiscint maidir le spriocdhátaí inmheánacha.

​

Cianobair

Toisc go bhfuil an t-aistriúchán á dhéanamh linn go hiomlán ó chian agus gur féidir é a dhéanamh ó áit ar bith ar domhan, is féidir leat obair a chríochnú idir cruinnithe nó ar shaoire shabóideach sa Mhuir Chairib.

​​

Comhoibriú fadtéarmach: 4 bliana

Is fearr linn ár dtionscadail a thabhairt d’aistritheoirí a bhfuil muinín againn iontu, a sholáthraíonn tionscadail d’ardchaighdeán de réir na spriocdhátaí comhaontaithe. Féadfaidh tú a bheith ag súil le bheith ag obair linn ar bhonn fadtéarmach suas le 4 bliana.

​

Sreabhadh oibre éasca, cáipéisí dlí suimiúla le haghaidh abhcóidí agus aturnaetha

Gan tairseacha bainistíochta do sonraisc aguscomhaid de chuid an rialtas, tá gach rud cuíchóirithe againn le próisis éifeachtacha, ionas gur féidir leat díriú ar cháipéisí dlí suimiúla a aistriú.

​

Aga freagartha tapa: < uair amháin

De ghnáth tugaimid freagra duit laistigh d'uair an chloig chun cabhrú leat i gcásanna a bhfuil ceisteanna agat faoi aon cheann de do thionscadail. Leis an bhfoireann seanbhunaithe d’aistritheoirí Gaeilge dlí atá againn, is féidir linn cabhrú leat dul ar aghaidh go tapa.

​

Image by Diogo Palhais
AI gradientblue.png

Ceanglais maidir le haistriúchán a dhéanamh le Access International

Chun aistriúcháin d’ardchaighdeán a sholáthar dár gcliaint, táimid ag súil leis an méid seo a leanas ónár gcomhoibriú:

documents.png

Céim dhlí nó cáilíocht ghairmiúil BL/SoIr

Nó céim eile agus dhá bhliain taithí san aistriúchán

Translation.png

Líofa sa Ghaeilge

Cumas aistriúcháin d’ardchaighdeán ar cháipéisí dlí go Gaeilge a sholáthar

management copy.png

Tiomantas do cháilíocht

Toilteanas téarmaíocht agus roghanna stíle an chliaint a chur i bhfeidhm

documents.png

Aiseolas a chur i bhfeidhm

Is foghlaimeoir tapa thú agus tá tú toilteanach aiseolas a chur i bhfeidhm le haghaidh gach aistriúchán

Translation.png

Seachadadh poncúil

Toisc gurb é an t-aistriúchán an chéim dheireanach sula bhfoilsíonn ár gcliaint a dtéacsanna, tá poncúlacht ríthábhachtach

management copy.png

Freagrúlacht

Cuidíonn freagra an lae chéanna linn tionscadail nua a leithdháileadh níos tapúla

arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png
arrowsonly_edited.png

Ceisteanna coitianta (CCanna)

Is gairmí dlí (m.sh. aturnae, feidhmeannach dlí) nó aistritheoir gairmiúil mé. An féidir liom iarratas a dhéanamh chomh maith?

Is féidir, molaimid go láidir dóibh siúd atá in ann an méid atá leagtha amach againn sa chuid thuas a chomhlíonadh iarratas a dhéanamh.

​

Níor aistrigh mé go gairmiúil riamh roimhe seo, an féidir liom iarratas a dhéanamh fós?

Is féidir, cuirfimid gach rud atá uait ar fáil duit agus beidh córas rialaithe cáilíochta i bhfeidhm againn. Cuirfidh ár bhfoireann d’aistritheoirí gairmiúla Gaeilge (creidiúnaithe Foras na Gaeilge agus ITIA) oiliúint aistriúcháin ar fáil d’abhcóidí agus d’aturnaetha Gaeilge agus cuirfimid an t-eolas agus na hacmhainní go léir atá uait ar fail duit chun aistriúcháin ar ardchaighdeán a sholáthar. Gheobhaidh tú aiseolas a bhaineann leat féin do gach cáipéis atá aistrithe agat chun cur i bhfeidhm agus beidh muid i dteagmháil leat go rialta le go mbeidh aistritheoir gairmiúil ag cabhrú leat le pointí sonracha aiseolais. Ar an mbealach seo, is féidir leat cáilíocht a fheabhsú agus aistriú níos tapúla le himeacht ama.

​

Cén scileanna teanga atá ag teastáil?

Teastaíonn leibhéal dúchais Gaeilge (nó geall leis) uainn agus líofacht sa teanga ar mhaith leat aistriú aisti. Mar shampla, Béarla, Gearmáinis, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis agus Polainnis. Tabhair faoi deara, le do thoil, gur téacsanna dlí iad agus ní mór duit a bheith ar do chompord ag scríobh i dteanga dhlíthiúil le sainthéarmaíocht.

​

An bhfuil meaisínaistriúchán ceadaithe?

Bunaithe ar thaighde inmheánach, níl meaisínaistriúchán oiriúnach don Ghaeilge dhlíthiúil faoi láthair chun críocha aistriúcháin ghairmiúil, toisc go bhfuil cáilíocht a aschuir i bhfad níos ísle i gcomparáid le teangacha eile.

​

Níl aon taithí agam le bogearraí aistriúcháin, an féidir liom iarratas a dhéanamh fós?

Is féidir linn cabhrú leat tosú ag baint úsáid as uirlisí aistriúcháin (uirlisí CAT), a chabhróidh leat aistriúcháin níos éifeachtaí a dhéanamh agus a fhéadfaidh cur le d’aschur míosúil.​

​

Tá mo sceideal oibre mar abhcóide nó aturnae faoi réir athruithe ag an nóiméad deireanach agus athraíonn m’acmhainn táirgthe ó mhí go mí. An fadhb í seo?

Ní hea, tá sé seo ar an eolas againn agus aontóimid spriocdháta le haghaidh gach cáipéis leat féin. De ghnáth, tabharfaimid tionscadail duit 4-6 seachtaine roimh ré agus táimid in ann athrú a dhéanamh ar spriocdháta inmheánach mar eisceacht i gcás éigeandála.​

​

Conas a íocann Access International aistritheoirí?​

Mar abhcóide nó aturnae, is féidir leat sonrasc a thabhairt dúinn le haghaidh na dtionscadal aistriúcháin a sholáthraíonn tú. Tar éis ár seiceála cáilíochta, cuirfear in iúl duit nuair a bheidh íocaíocht do shonraisc tionscanta. Níl ach 45 lá ar ár dtéarma caighdeánach íocaíochta, i gcomparáid le 60 lá d’fhormhór na n-institiúidí rialtais san AE.

​

Cén ráta ar féidir liom a bheith ag súil leis?

Tá aistritheoirí a oibríonn linn ar bhonn lánaimseartha in ann suas le €6,200 a thuilleamh in aghaidh na míosa má chloíonn aistriúcháin lenár gcaighdeáin cháilíochta agus má sheachadtar in am iad. Déanfar tuilleadh sonraí a phlé tar éis iarratas a bheith curtha isteach. Tá fad ár gcáipéisí idir 5-100 leathanach agus beimid in ann d’acmhainn táirgthe a líonadh agus an méid focal is féidir leat a sheachadadh do gach mí a sholáthar duit i sceideal seachadta pearsantaithe.

​

Cén cineál cáipéisí a aistreoidh mé go Gaeilge?

Baineann ár gcáipéisí dlí le raon leathan cineálacha agus ábhar, ó cháin, fuinneamh in-athnuaite, díospóidí comhshaoil, rialuithe agus breithiúnais chúirte, ábhair oiliúna, go cáipéisí a bhaineann le colscaradh.

​

Cé hiad na cliaint a aistríonn Access International dóibh?

Áirítear ar ár gcliaint institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí rialtais áitiúil, agus uaireanta Gnóthais Bheaga agus Mheánmhéide.

​

Cad is féidir liom a bheith ag súil leis ó Access International maidir le haga freagartha nuair a bhíonn ceist agam faoi thionscadal atá á aistriú agam?

Déanann ár mbainisteoirí tionscadail iarracht i gcónaí freagra a thabhairt laistigh d’uair an chloig, chun cabhrú leat dul ar aghaidh le do cháipéisí tugtha a aistriú go Gaeilge.

Building of The Honorable Society of King's Inns, Dublin, Ireland.jpg
AI gradientblue.png

Is abhcóide nó aturnae mé le scileanna Gaeilge agus tá an cumas agam tabhairt faoi thionscadail aistriúcháin. Conas a oibríonn sé?

Lenár bpróiseas ionduchtaithe éasca, is féidir leat tosú mar shaoraistritheoir dlí Gaeilge go tapa. Gan taithí aistriúcháin roimh ré? Fadhb ar bith! Cuirfimid oiliúint agus treoir ar fáil ó aistritheoirí dlí Gaeilge gairmiúla a bhfuil taithí acu chun cabhrú leat tosú ag aistriú cáipéisí suimiúla go cianda.

1. Déan iarratas ar phost mar shaoraistritheoir Gaeilge dlí ag Access International

Mar chuid de bheith ag obair le caighdeán ISO 17100, iarrfaimid ort na cáipéisí seo a leanas a sholáthar mar chéad chéim sa phróiseas:

  • Do CV

  • Cruthúnas ar aitheantas

  • Scanadh ar do dhioplómaí agus tras-scríbhinn taifid

  • Eolas bainteach maidir le do thaithí oibre dlí, scileanna teanga agus taithí aistriúcháin (más infheidhme)

​

2. An creat-chomhaontú a shíniú agus triail bheag aistriúcháin

Nuair a bheidh do cháipéisí a chuireann tú ar fáil fíoraithe, síneoimid comhaontú sula ndéanfar obair a sheachfhoinsiú chugat. Sula gcuireann tú tús le do chéad tionscadal, beidh ort triail bheag aistriúcháin go Gaeilge a dhéanamh a úsáidfimid chun aiseolas pearsantaithe a sholáthar.

3. Acmhainní táirgthe aistriúcháin

Toisc go bhfuil a riachtanais agus a n-ionchais féin ag gach cliant, cuirfidh Access International acmhainní cabhracha a bhaineann le téarmaíochta Gaeilge, dlí agus teicneolaíochta aistriúcháin ar fáil duit. Beidh ár bhfoireann aistriúcháin Ghaeilge in ann cabhrú leat leis an oiliúint agus tú a oiriúnú d’uirlisí bainistíochta aistriúcháin a chabhróidh leat aistriú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos mó a thuilleamh san fhadtréimhse.

4. Tosaigh do chéad aistriúchán i 3-4 seachtaine

Tar éis na dtrí chéim éasca sin, tabharfaimid do chéad cháipéis le haistriú duit. Cuirfimid aiseolas leanúnach ar fáil ar gach tionscadal aistriúcháin a chríochnaíonn tú chun caighdeán aistriúcháin a fheabhsú le himeacht ama.

About

Cuir tús leis inniu!

Déan iarratas ar shaorobair aistriúcháin Gaeilge

Do dhuine teagmhála:

Ellen de Visser, Stiúrthóir Bainistíochta ag Access International

​

Chun iarratas a dhéanamh, seol ríomhphost le do CV mar aon le scanadh ar do dhioplómaí agus cruthúnas ar aitheantas chuig:

bottom of page